Oíche spreagúil speisialta ag Gradaim Nós 2024.


HUARTAN by Niamh Ruadh

Ní amháin go bhfuil ceol agus cultúr na Gaeilge beo agus rathúil - tá siad ag síor-athrú, ag síor-fheabhsú, ag síor-thiontú. Bhí seo amhlaidh ag oíche fhíor speisialta Ghradaim Nós 2024. Rinne an ócáid dhodhearmadta seo ceiliúradh ar an cheol agus an ealaín is fearr fud fad na tíre.



Bíonn réimse mór i gcónaí le feiceáil ar ghearrliostaí Ghradaim Nós, ach ba chosúil go raibh sé seo níos leithne ná bhí riamh, ag clúdach gach cinéal ceoil ó hip-hop go trad, ceol turgnamhach agus ceol leictreonach. Seo comhartha láidir den ard-chaighdeán de gach cinéal ceol Gaeilge atá á chruthú agus á sheinm ag draoithe uirlise agus léiritheoirí seomra leapa na hÉireann.  

Seo an chéad uair riamh ar cuireadh na gradaim ar siúl i mBéal Feirste (níor chréid mé seo ach oiread). Sa Black Box mar óstóir, agus Ceathrú na hArdeaglaise (nó an Half-bap) níos cosúla le Ceathrú na Gaeltachta an oíche ar fad.

Deirtear go minic na laethanta seo go bhfuil dul chun cinn an-suntasach á dhéanamh ag cultúr na Gaeilge sa chathair, go bhfuil atmaisféir nó mothucháin ar leith ann ó thaobh thábhacht an phobail agus na n-ealaíon a chruthaítear. Tá an ráiteas seo ar bhealach chóir a bheith uasal le híseal (níl sé doiligh Feirsteach a mhaslú); tá traidisiún láidir, saibhir ann i mBéal Feirste ag dul siar na blianta fada. Ach tá an ráiteas go hiomlán ceart, dar liom. Ní hé nach raibh na fréamhacha ann cheana, ach gan amhras ar bith tá siad anois faoi bhláth. Léirigh oíche Nós seo agus níos mó.  


Ó thaobh na ngradam féin, bhí dhá bhua mhóra ag Trá Pháidín, an banna as Conamara agus Corcaigh. Is orthu a bronnadh  an duais do ‘Albam na Bliana’ do An 424 agus ‘Físeán na Bliana’ do ‘Maidin Heinz’. Bhí an t- aitheantas tuillte as albam thar a bheith álainn agus aibí ó Thrá Phaidín. Cé gur féidir comparáidí áirithe a dhéanamh le Black Country New Road ó thaobh na fuaime de, tá amhráin uathúla cumtha ag an bhanna a fhaigheann inspioráid mhór ó thírdhreach garbh mistéireach an iarthair. Go cinnte seo ceann de na halbaim Éireannacha is suimiúla agus is spreagúla le blianta beaga anuas.  

Tugadh aitheantas don hip-hop thar barr atá á chruthú faoi láthair, agus ‘An Murda Meaisín’ le Súil Amháin agus Rob Mulhern a thug abhaile duais ‘Amhrán na Bliana’. Tiúin réabhlóideach den chéad scoth, a dhéanann tagairt do Frantz Fanon agus Chuck D, tá na focail láidir ón Chiarraíoch dírithe ar chóras oideachais an stáit.

Bhuaigh na hamhránaithe óga sean-nóis ó Bláth na hÓige, an tsraith thar barr TG4, gradam d’albam traidisiúnta na bliana. Ag glacadh leis an ghradam bhí Síle Denvir, í féin a rachadh ar aghaidh chun ‘Ealaín na Bliana’  a bhaint dá halbam Anamnesis.

Bronnadh an duais is mó ar an oíche ‘Banna / Ceoltóir na Bliana’, ar an bheirt laoch ceoil Rónán Ó Snodaigh agus Myles O’Reilly, a raibh a n-albam iontach Beautiful Road ar cheann de bhuaicphointí ceoil na bliana.

Tháinig nóiméad inar bhog croí an lucht éisteachta ar fad agus ar ardaíodh gach dorn san aer le bronnadh Ghradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí do ‘Nuatheachtaí na Bliana. Rinne iníon Rónáin, Fionnuala, óráid agus bhronn sí an gradam ar Huartan. Thug Catriona ón ghrúpa ómós don chraoltóir cheannródaíoch, fear a rinne éacht nár sáraíodh le teanga agus ceol na Gaeilge a chur chun cinn go mór.

Thaispeáin Huartan go díreach an fáth ar bronnadh an gradam orthu le léiriú dochreidte dá meascán de tradronica (nó ‘techno trad’, chuala mé duine ag rá) agus damhsa a chuir deireadh leis an oíche. Bhí na taibhithe uilig iontach ar fad, agus léirigh siad caighdeán tallainne an cheoil Ghaelaigh atá ann faoi láthair. I measc na léirithe bhí IMLÉ, Mulu (ball de Huartan), agus Conor Torbóid de chuid Nós féin, ag dul faoina ainm cleite rap, Torby.

GROOVELINE by John  Tracey

Chuaigh banna Liatroma/Dhún na nGall Grooveline i bhfeidhm go mór ar an tslua le seó a bhainfeadh allas as laghairt. Agus muid ag caint leo ina dhiaidh, dúirt an banna óg linn go raibh aithne acu ar a chéile ón crèche an bealach ar fad go dtí an coláiste, agus gur sheinn siad le chéile le blianta fada sa scoil cheoil áitiúil. Chuir siad síos ar a gceol mar ‘high energy funk’ le ‘go leor fuinnimh, go leor spraoi, go leor damhsa’. Má tá an t-ádh ort iad a fheiceáil, beidh sé deacair agat gan aontú leis an chur síos sin.

Chomh maith leis an tsiamsaíocht ar fad, bailíodh airgead chun tacú le muintir Gaza, in éineacht le hEalaíontóirí ar son na Palaistíne, agus labhair roinnt de na ceoltóirí amach faoin éagóir leanúnach.

Rinne foireann Nós agus gach duine a bhí páirteach sárobair ag léiriú cé chomh hiontach is atá ceol na Gaeilge faoi láthair agus cén fáth a bhfuil a measúnú agus a spreagadh chomh tábhachtach sin. Téama seasmhach tríd an oíche ar fad ná an lóchrann a chur ar aghaidh . Agus mé ag caint le cúpla duine aithnidiúil i domhan na Gaeilge, luaigh siad go léir an beagán daoine a d’aithin siad i mbliana, agus an gliondar a chuir sin orthu. Ó bhunaitheoir Nós, Tomaí Ó Chonghaile, ag cur an eagarthóra reatha Conor Torbóid in aithne sular sheinn sé, go hóráid Fhionnuala Nic Aodha Bhuí, níor ceileadh aon siombalachas orthu siúd a bhí i láthair. B'fhéidir go bhfuil an cultúr agus an teanga anois níos mó faoi bhláth ná bhí i gcuimhne bheo, mar gheall ar na glúnta a chothaigh an timpeallacht agus an t-atmaisféar atá againn inniu, agus toilteanas na hóige a rud féin a dhéanamh leis sin. 

Cuirtear seanfhocal áirithe i gcuimhne. Rud éigin faoin bholadh atá ar an aos óg. 


Amhrán na Bliana

An Murda Meaisín – Súil Amháin + Rob Mulhern

Albam na Bliana (Nuacheol)

An 424 – Trá Pháidín

Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta)

Bláth na hÓige – Bláth na hÓige

Físeán na Bliana

Maidin Heinz – Trá Pháidín

Ealaín na Bliana

Anamnesis – Síle Denvir

Banna / Ceoltóir na Bliana

Rónán Ó Snodaigh + Myles O’Reilly

Nuatheachtaí na Bliana – Gradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí

Huartan